Síniú Nuacht Téarmaí & Coinníollachaí English

Amchlár do chur i ngníomh na Treorach

Tá sceideal leagtha amach ag an gCreat-Treoir Uisce do thrasuí na Treorach go dlithe gach Ballstát, agus d'fheidhmiú na riachtanas éagsúil.

San amchlár seo leagtar amach na dátaí deirí um is gá príomhtháirgí an Chreat-Treoir Uisce a sholáthar.

Amchlár d'Fheidhmiú an Chreat-Treoir Uisce agus Príomh-Spriocdhátaí

Bliain Riachtanas
2000 Tháinig an Treoir i bhfiedhm (Airteagal 22)
2003 Trasuigh an Treoir go dlí inmheánach (Airteagal 24).

Ceantair Abhantraí (CA) agus Ceantair Abhantraí Idirnáisiúnta (CAI) a bheith aitheanta agus na húdaráis inniúla a bheidh údaraithe an Treoir a fheidhmiú, a bheith ceaptha (Airteagal 3).

2004 Ainilís iomlán ar shaintréithe agus léirmheas ar thionchar ghníomhaíocht daonna ar stádas. (Sonrú) ar CA-anna agus CAI-anna (Airteagal 5).

An chéad AINILíS EACNAMAíOCH ar úsáíd uisce a chríochnú.

Clár CEANTAR CAOMHNAITHE a bhunú i ngach Ceantar Abhantraí (Airteagal 6&7)

2005 Critéir a bhunú chun stádas maith ceimiceach a mheas d'uisce talún, agus chun aon ardú suntasach a aithint (Airteagal 17)
2006 Na cláir fhaireachán timpeallachta a chur ar bun le léirmheas cuimsitheach ar stádas an uisce i ngach CA a chinntiú (Airteagal 8).

Clár oibre a fhoilsiú, le dul i gcomhairle chun na chéad Pleananna Bhainistíocht Abhantraí (PBA-anna) a cheapadh (Airteagal 14).

Caighdeáin timpeallachta a bhunú d'ábhair tosaíochta agus lena bpríomhfhoinsí a smachtú (Airteagal 16)

2007 Achomair eatramhach a fhoilsiú faoi na saincheisteanna bhainistíocht uisce i ngach CA agus CAI len iad a phlé (Airteagal 14).
2008 Dréacht-léarscáileanna cuimsitheacha a fhoilsiú lena bplé (Airteagal 14).
2009 Na chéad PBA-anna a chríochnú agus a fhoilsiú (Airteagal 13).

Clár na mBeart a chríochnú le spriocanna a aimsiú (Airteagal 11).

2010 Polasaithe praghsála a thabhairt isteach (Airteagal 9).
2012 Cinntigh go bhfuil Clár na mBeart ag feidhmiú (Airteagal 11).

Amchlár agus clár oibre a fhoilsiú don dara PBA.

Tuairisc ar dul chun cinn i cur i bhfeidhm na mbeart (Airteagal 15)

2013 Don chéad PBA, athbhreithniú ar;
  • Measúnachta sonraithe agus tionchair
  • Ainilís eacnamaíoch ar úsáid uisce

Achomair eatramhach a fhoilsiú faoi na saincheisteanna bhainistíocht uisce don dara PBA len iad a phlé.

2014 An dara dréacht-PBA a fhoilsiú lena phlé.
2015 Spriocanna timpeallachta atá leagtha amach sa chéad PBA a bhaint amach i.s. 'STÁDAS MAITH' aimsithe (Airteagal 4).

An dara PBA a chríochnú agus a fhoilsiú le Clár na mBeart leasaithe (Airteagail 13,14 &15).

Tar éis don chéad Phlean Bhainistíocht Abhantraí a cheapadh, cuirfear tréimhsí reatha sé bliana ar siúil ina ndéanfar athbhreithniú, athmheasúnú agus leasú.

ar ais go barr
Trá Image of silage cutting Image of Rural landscape